​B​​lag ShoutOut Seachtain na Gaeilge!

Lisa le baill eile de Tá Comhionannas, Siobhán Nic Gaoithín (clé) agus Emer Nic Dhiarmada

Lisa le baill eile de Tá Comhionannas, Siobhán Nic Gaoithín (clé) agus Emer Nic Dhiarmada

Comhphobal LADTA+ na Gaeilge – Fás, Forbairt, Pobal

le Lisa Nic an Bhreithimh

Chun ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge, breathnaíonn Lisa Nic an Bhreithimh ónár bhfoireann deonach ar an méid a bhíonn i bpáirt ag pobal na Gaeilge agus an pobal LADTA+, gníomhaíocht agus feachtasaíocht LADTA+ trí Ghaeilge agus na daoine atá ag obair ar chomhphobal Gaeilge LADTA+ a fhorbairt agus a chothú.


In alt ar ghíomhaithe óga mná le déanaí san Irish Times, luaigh mé gurbh í an Ghaeilge an chúis gur thosaigh mé ag feachtasaíocht agus le gníomhaíocht LADTA+. I rith an Reifrinn ar an gcomhionannas pósta i 2015 thug grúpa dínn faoi deara go raibh cainteoirí Níl chun tosaigh ar chainteoirí Tá ar na meáin chumarsáide Gaeilge - a mhalairt den rud a bhí ag tarlú ar na meáin Béarla. Thuigeamar go raibh gá le grúpa láidir cainteoirí ar son vóta Tá le Gaeilge. Bhunaíomar Tá Comhionannas agus ina dhiaidh sin bhíomar ag labhairt ar na meáin Gaeilge gach seachtain go dtí an Reifreann ansin.

Ó shin i leith, measaim go bhfuil níos mó infheictheachta de dhaoine LADTA+ le Gaeilge agus go bhfuil muid ag plé cúrsaí LADTA+ trí Ghaeilge níos mó ná riamh.


Sheol Aontas Mac Léinn na hÉireann an Foclóir Aiteach sa bhliain 2018 - liosta téarmaí don phobal aiteach, agus don phobal araon, le labhairt faoina bhféiniúlachtaí, a ngnéaschlaonta agus iad féin ar iliomad bealaí trí Ghaeilge. Thug sé guth níos airde don phobal LADTA+ le Gaeilge a bhí anois in ann a saolta a phlé ar bhealach níos fearr agus níos soiléire trí Ghaeilge.

An Foclóir Aiteach.jpg
 
 

Rinneamar féin i ShoutOut focail Gaeilge LADTA+ a roinnt i rith na bliana seo caite mar chuid dár bhfeachtas ar líne "ShoutOut Focal a Day". Chuir an-chuid dár leantóirí spéis ann - iad siúd le beagán Gaeilge nó níos mó. Is minic a bhíonn an Ghaeilge, chomh maith lenár bhféiniúlachtaí mar dhaoine aiteacha, fite fuaite inár bhféiniúlachtaí mar Éireannaigh agus is mór ag go leor daoine na focail a bheith acu caint faoi bheith aiteach trí Ghaeilge.

Déanaimid ceardlanna Gaeilge ShoutOut i nGaelcholáistí timpeall na tíre go minic freisin. Ó mo thaithí féin á ndéanamh, faigheann na daltaí rud éagsúil astu ná na ceardlanna Béarla. Bíonn an plé éagsúil, úsáidtear focail éagsúla agus bíonn scoileanna an-sásta cainteoirí seachtracha le Gaeilge a bheith ar fáil dóibh. Ag labhairt faoi cheardlanna ShoutOut a dhéanamh trí Ghaeilge, dúirt duine dár noibrithe deonacha Liam Breathnach, "Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh téarmaíocht maidir leis an bpobal aiteach san áireamh leis an eolas i gceardlanna ShoutOut do dhaoine óga. Tá an pobal aiteach mar chuid de phobal na Gaeilge agus ba mhór an buntáiste an t-ábhar a fhoghlaim ina dteanga féin. Is teanga bheo í an Ghaeilge agus taispeánann sé seo an dul chun cinn atá i gceist anseo." Má tá Gaeilge agat féin agus spéis leat ceardlanna a dhéanamh linn trí Ghaeilge ba bhreá linn cloisteáil uait. Seol rphost chuig director@shoutout.ie chun tuilleadh eolais a fháil.

EYEg4JMX0AIIZfe.jpeg
 

Sa bhliain 2018 bhunaigh Don Ó Donnacháin an Queercal Comhrá, grúpa sóisialta do dhaoine LADTA+ a labhraíonn an Ghaeilge agus bhí lámh aige in eagrú Bhród na nGael gach samhradh ó shin i leith. Bhuailidís le chéile in Outhouse ar dtús agus ansin i Jack Nealons. Anois tá Eoin McEvoy i mbun an grúpa a stiúradh agus bhíodh sé de nós ag an ngrúpa bualadh le chéile i gClub Chonradh na Gaeilge agus Penny Lane. Anois dár ndóigh tagann siad le chéile ar Zoom agus bíonn suas go 20 ar na glaonna. Ag caint faoin Queercal dúirt Eoin, 

"Tá baill againn sa Bhruiséil, i gCeanada, in Éirinn, sa Ghearmáin, i Lucsamburg, i Sasana agus sna Stáit Aontaithe. Bhíodh an grúpa ag bualadh le chéile i mBaile Átha Cliath roimh an bpaindéim ach is grúpa idirnáisiúnta anois é a bhíonn ag bualadh le chéile ar líne. Is gréasán de chuid Oireachtas na Gaeilge é an Queercal. Tá cuntas gníomhach Instagram againn leis an bpobal a chur ar an eolas faoi imeachtaí i saol LADTA+ na Gaeilge agus tá 950 leantóir ag an ngrúpa sin ó áiteanna sa Ghaeltacht, san iar-Ghaeltacht agus ar fud an domhain."

Tá fáilte roimh chách le Gaeilge bheith mar chuid den ghrúpa agus bualadh ag an Queercal ar líne anois agus duine le duine arís ar ball nuair is féidir. Beidh tráth na gceist ar siúl ag an Queercal ar an 5 Márta ar Zoom do Sheachtain na Gaeilge. Léigh tuilleadh faoin ngrúpa nó bí i dteagmháil leo ar Instagram anseo nó trí rphost chuig QueercalComhra@gmail.com.

Tráth na gCeist an Queercal Comhrá, Seachtain na Gaeilge 2021.jpg
 

Tá breis is 12,000 leantóirí ar na meáin shóisialta ag duine dár noibrithe deonacha ShoutOut, Cian Ó Gríofa, faoin ainm Gaylgeoirí ar a roineann sé méimeanna Ghaeilge, atá, ina chuid focal féin, “éadrom go leor”.

Dúirt Cian, maidir lena chuid oibre, "Ní raibh eiseamláirí aiteacha agam agus mé ag fás aníos — seachas na carachtair a cuireadh ann de ghrá na cosúlachta, agus na steiréitíopaí ar fad acu. Is féidir le duine ar bith a bheith ina thionchaire sa lá atá inniu ann áfach, agus ardán a chruthú do dhaoine a bhfuil suim nó taithí choiteann acu ar fud an domhain. Mar sin féin, bíonn ábhair a bhaineann le bród, gníomhachas agus féinghrá á bplé freisin. Tá sé tábhachtach dom an t-ardán a úsáid le spotsolas a thabhairt do dhaoine nár léiríodh a gcineál ar na meáin i gcónaí, agus iad a cheiliúradh! Is deis é Gaylgeoirí an ionadaíocht seo a dhéanamh ar son daoine óga aiteacha sa tír seo nach bhfuil féinmhuinín ná féinghrá acu go fóill. Feiceann siad go bhfuil tacaíocht ann dóibh, go bhfuil grá ag daoine do chúrsaí LADTA+ agus go mbeidh gach rud ceart go leor! Ní raibh sé sin agam agus mé níos óige, agus mar sin, sílim go bhfuil sé riachtanach an scéal seo a insint dóibh siúd atá ag streachailt lena bhféiniúlacht féin." Is féidir Gaylgeoirí a leanúint ar Instagram anseo.

Cian Ó Gríofa, Gaylgeoirí (1).jpg
 

Bhunaigh Ciara Ní É agus Eoin McEvoy AerachAiteachGaelach (AAG) mí Feabhra na bliana seo caite - comharghrúpa LADTA+ ealaíne a bhfuil 50 ball LADTA+ ann, idir scríbhneoirí, cheoltóirí, dhrámadóirí, thaibheoirí draig agus ealaíontóirí a fheidhmíonn trí Ghaeilge. Is í sprioc AAG ná chun deiseanna forbartha, gréasán tacaíochta agus lucht éisteachta a chur ar fáil do na healaíontóirí le go gcoinneoidh siad orthu ag cumadh i nGaeilge agus le nach gcaillfear iad ar fad do shaol an Bhéarla. Cuireann an grúpa tacaíocht ar fáil do bhaill trí chruinnithe rialta a eagrú agus trí dheiseanna, comórtais, foilseacháin, glaonna oscailte agus nuacht na mball féin a roinnt leo. Ghnóthaigh an grúpa áit ar Scéim 5x5 de chuid Amharclann na Mainistreach i mí Feabhra 2020; fuarthas dhá choimisiún ar dhramaí ó Ceangal | Dolen (Ealaín na Gaeltachta); coimisiún ar dhráma ó Axis Ballymun; coimisiún ar dhráma raidió ó Fhíbín; duaiseanna ó chomórtas slamhfhilíochta Liú Lúnasa agus comórtas REIC; foilsíodh saothair in Comhar agus Green Carnations/Glas na Gile. Tá cuntas YouTube ag AerachAiteachGaelach, agus rinne siad físeán ealaíne do Bhród 2020.

Ag labhairt faoi AAG, dúirt Ciara í féin, “Threisigh AAG an nasc a bhraith mé leis an bpobal LADTA+. Tá éagsúlacht iontach sa ghrúpa, táimid leispiach, aerach, déghnéasach, tras, agus ní hamháin aiteach ach Gaelach! Tá an-luach ar an mbraithstint go bhfuil tú i measc do dhaoine, agus go bhfuil glacadh leat. Ón gcéad lá a tháinig grúpa AAG le chéile ba léir go raibh muid uilig sásta gurbh fhéidir linn dá thaobh mhionlaithe dínn féin a léiriú ag an am céanna. Le dhá bhliain anuas thug mé caint i nGaeilge ag Traenáil Bhándearg de chuid AMLÉ agus bhí mé an-sásta feiceáil go bhfuil glúin ag teacht in inmhe anois aiteach, Gaelach, agus mórtasach! Go maire siad!

Aerach Aiteach Gaelach.jpg
 

Is léir go bhfuil comhphobal láidir LADTA+ Gaeilge ag fás, ag forbairt agus ag leathnú amach ar bhealaí éagsúla, nuálaíocha trí na tionscnaimh agus na feachtais seo, agus roinnt eile nach iad. Guímid Seachtain na Gaeilge shona ar ár n-oibrithe deonacha agus leantóirí le Gaeilge! 

Má tá tuilleadh eolais ag teastáil uait faoi obair ShoutOut trí Ghaeilge, féach an chuid Gaeilge dár suíomh ag https://www.shoutout.ie/gaeilge

Míle buíochas do Chian, d'Eoin, do Chiara agus do Liam as a gcuid cúnaimh leis an alt seo.